Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Tuesday, 14th May, 2024Readings in English
Next Sunday's Readings
14/5 Naomh Maitias
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 1:15-17, 20-26
Thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an dáréag aspal é.
Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d’éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:
“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa, tar éis dó bheith ar aon bhuíon linne agus páirt a fháil sa chúram seo.”
“Mar atá scríofa i leabhar na Salm:
‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan aoinneach ina chónaí ann.’
Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’
“Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inar measc, ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd a tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.”
Chuir siad beirt ar aghaidh: Iósaef dá ngoirtí Barsabas agus dar chomhainm Iústas, agus Maitias. Agus rinne siad guí mar seo:
“A Thiarna,” ar siad, “ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.”
Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an dáréag aspal é.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Psalm le Freagra Sm 112
Freagra Chur an Tiarna é ina shuí i bhfochair a phrionsaí,
ar aon chéim le prionsaí a phobail
Malairt Freagra Alleluia
1. Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna; molaigí ainm an Tiarna!
Moladh le hainm an Tiarna i láthair na huaire agus choíche! Freagra
2. Ó éirí go luí na gréine, go raibh ainm an Tiarna á mholadh!
Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile, agus a ghradam os cionn na bhflaitheas. Freagra
3. Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia; atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?
Cromann sé ó na harda anuas chun féachaint ar neamh agus ar talamh. Freagra
4. Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach; ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,
á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí, ar aon chéim le prionsaí a phobail Freagra
Alleluia Véarsa Eo 15: 16
Alleluia, alleluia!
Is mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh
agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh a deir an Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
The Lord be with you And with your spirit.
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:9-17 Glory to you o Lord
Mise a rinne sibhse a thoghadh.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá.
Má choinníonn sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar,agus a fhanaim ina ghrá.
Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.
Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.
Níl grá ag aon duine níos mó ná go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.
Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.
Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh,
agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;
i dtreo, cibé ní a d’iarrfadh sibh ar an Athair i m’ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.
Is iad seo m’aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart